Cur síos ar stíl ghinearálta eagarthóireachta do chéimeanna foilsitheoireachta 


An tSnáthaid Mhór

Tá sé de chúram ar An tSnáthaid Mhór a dheimhniú go mbíonn caighdeán sásúil eagarthóireachta sna foilseacháin a chuirtear ar fáil ó bhliain go bliain, agus is chuige sin gur mithid dúinn treoir stíle comhlachta An tSnáthaid Mhóra chlárú go grinn.

Creideann An tSnáthaid Mhór gur ríthábhachtach é aird chuí a dhíriú ar dhea-chleachtas eagarthóireachta le saothair litríochta i nGaeilge ar ardchaighdeán a chinntiú.

Is cinnte mar sin gur cóir stíl eagarthóireachta Creideann An tSnáthaid Mhór gur ríthábhachtach é aird chuí a dhíriú ar dhea-chleachtas eagarthóireachta le saothair litríochta i nGaeilge ar ardchaighdeán a chinntiú agus nach mór oibriú go comhleanúnach ag gach céim den phróiseas táirgthe leabhair. Tá sé sin ag croí na hoibre uilig a dhéanann muid.

Aithníonn An tSnáthaid Mhór go bhfuil cúig phríomhghné ar gá díriú orthu agus cóipeagarthóireacht leabhair idir lámha ag an chomhlacht.

(i) Eagarthóireacht forbartha

Seo nuair a dheánann an t-eagarthóir comhlachta forbairt ar smaoineamh nó ar choincheap nó ar bhuntéács an scríbhneora i gcomhar leis an scríbhneoir. Glacann seo am agus foighid agus is fiú go mór an toradh. Amharctar ar leagan amach an scéil, agus tugtar aird ar an spriocléitheoir fosta. Mar shampla, le bliain anuas, tá An tSnáthaid Mhór ag obair ar shraith de scéalta do pháistí bunaithe ar charachtar darb ainm Rita i gcomhar leis an scríbhneoir Máire Zepf.

(ii) Teanga, Téarmaíocht agus Caighdeán

Aontaíonn muid ar ábhar agus ar inneachar an tsaothair cúpla bliain chun tosaigh, uaireanta, mar chuid de phlean fadtéarmach an chomhlachta. 

Cuireann muid romhainn i gcónaí comhleanúnachas cóipeagarthóireachta a bhaint amach i dtaca le teanga, téarmaíocht agus caighdeán de sna saothair uilig a fhoilsíonn muid (mar a chomhairligh Clár na Leabhar Gaeilge ar na mallaibh). Chuige sin, is iad na príomhfhoinsí tagartha a mbaintear úsáid astu Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill, 1977); www.tearma.ie; agus a fhios againn fosta gur féidir teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an Choiste Téarmaíochta trí nasc ar tearma.ie nuair a bhíonn ceist faoi théarmaíocht nua ann.

  • Ortagrafaíocht (litriú caighdeánach) a chinntiú: Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill, 1977); www.tearma.ie; a bhíonn in úsáid ag foireann eagarthóireachta an Chomhlachta.
  • Maid le gramadach agus comhréir caighdeánach a dheimhniú, téann muid i muinín: Gramadach agus Comhréir Chaighdeánach a dheimhniú: An Caighdeán Oifigiúil (meagan 2016 don chide is mó amach anseo); Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill, 1977); Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí (1999); mar aon le tearma.ie;foclior.ie.
  • Creidimid fosta gur gá comhleanúnachas a chinntiú i gcás roghanna taobh istigh den Chaighdeán Oifigiúil. Aon áit a bhfuil rogha foirmeacha taobh istigh den Chaighdeán Oifigiúil le déanamh, pléann muid sin go mion mar fhoireann. Ó tharla gur comhlacht Ultach muid agus muid ag plé le scríbhneoirí Ultacha go dtí seo, ba é an dóigh Ultach a roghnaigh muid don chuid is mó .i. ‘ar an bhád mhór’ thar ‘ar an mbád mór’; ‘chuaigh muid’ thar ‘chuamar’, ach tá muid airdeallach i gcónaí ar an róbhéim ar an Ultachas, sé sin, go ndéanann muid cinnte de go bhfuil teacht ar na focail sa téacs in Foclóir Uí Dhónaill agus ar fhoirmeacha an bhriathair sa Chaighdeán Oifigiúil.  Tuigeann muid gur féidir aon cheann de na foirmeacha thuasluaite a roghnú ach bheith comhleanúnach síos tríd an saothar. Mar shampla, sa tionscadal againn i mbliana, Jimín Mháire Thaidhg, is é an rogha eile foirmeacha atá in úsáid againn (foirm tháite an bhriathair / urú ar an ainmfhocal tar éis réamhfhocal + alt) mar baineann an saother seo le leagan caighdeánach den scéal Chiarraíoch agus ba scríbhneoir/eagarthóir ó dheas a réitigh an scéal i bhfoirm nua.
  • Tuigeann muidgo bhféadfadh seánraí nó tograí faoi leith a bheith idir lámha againn sa chomhlacht a éilíonn cur chuige ar leith a oireann don seánra nó togra ar leith sin. Ba mhór linn mar shampla, leagan i gcanúint Chiarraíoch de Jimín MháireThaidhg a sholáthar fosta mar chuid dár dtionscadal i mbliana –‘díolúine’ ón Ghaeilge chaighdeánach. Rinneadh an cheist sin a shoiléiriú go sonrach sa phlé iarratais ar mhaoiniú 2016 agus aontaíodh treoir stíle chaighdeánach ar leith le Clár na Leabhar Gaeilge roimh ré. Táimid ag iarraidh ar Choiste Léann na Gaeilge maoiniú a sholáthar don chuid chanúna sin den togra.
  • I dtaca le formáidiú téacs, leagan amach, tagairtí srl, tuigtear dúinn gur féidir linn tarraingt ar New Hart’s Rules (2014), más gá, MHRA Style Guide agus go leor foinsí údarásacha eile.

(iii) Eagarthóireacht Táirgthe: Próiseas na hEagarthóireachta - céimeanna agus sceidealú

Tá staideanna eagarthóireachta i dtáirgeadh an leabhair aimsithe go hinmheánach ag an tSnáthaid Mhór:

Eagarthóireacht i bpróiseas an deartha: de bhrí gur pictiúirleabhair don chuid is mó a fhoilsíonn An tSnáthaid Mhór, bíonn tábhacht thar na bearta le dearadh na leabhar. Tá muid airdeallach ar theicneolaíocht na foilsitheoireachta bheith ag síorfhorbairt agus go gcaithfidh muid coinneáil suas leis sin. Tá sé thar a bheith tábhachtach bheith eolach ar na bogearraí (photoshop, indesign, adobe suite) agus cuidíonn roinnt an eolais idir dearthóirí agus foilsitheoirí leis an phróiseas deartha chomh maith. Tugtar athchuairt i ndiaidh athchuairte ar an dearadh le linn an phróisis táirgthe de réir mar atá forbairt agus eagarthóireacht á déanamh ar an téacs agus tá sé ríthábhachtach na profaí deireanacha a fheiceáil agus a cheadú sula rachaidh an leabhar chun cló. Próiseas dian atá i gceist, tríd is tríd. Creidimid go bhfuil fiúntas agus tairbhe an phróisis sin le feiceáil go soiléir sna leabhair atá foilsithe againn go dtí seo.   


Céimeanna

  • Sa chéad léamh, léitear an téacs iomlán ó thús deireadh. Is féidir mioncheartúcháin ghasta a dhéanamh lena linn seo (m sh síntí fada a chur isteach nó a bhaint amach, ceartú litrithe) - ceartúcháin gan smaoineamh, más maith leat, nach gcuireann isteach ar ghluaiseacht an scéil.
  • Ansin, déantar an dara léamh. Lena linn seo, aibhsítear ábhar a mbeidh aird á díriú air ag an chéad chéim eile – céim na heagarthóireachta:
  • [if !supportLists](i) [endif]ceisteanna, mar shampoo, a bhaineann le focail/frásaí/nathanna canúna, le ceisteanna gramadaí, le ceisteanna litrithe
  • [if !supportLists](ii)[endif]ceisteanna, mar shampla, a bhaineann le cúrsaí struchtúir, le débhríonna sa téacs, le dothuigtheacht, leis an réim teanga, leis an rófhoclaíocht, le bristeacha, ar fháth amháin nó eile, ar rithim an scéil.
  • Ag céim na heagarthóireachta, pléitear go mion le (i) agus (ii) thuas.
  • Maidir le (i), de ghnáth, is féidir cuid mhaith de na ceisteanna sin a shocrú ach dul i muinín na bpríomhfhoinsí tagartha – FGB, EID, GGBC, CO 2016, focloir.ie, tearma.ie srl.
  • Maidir le (ii), de ghnáth, déantar na ceisteanna sin a phlé go mion leis an scríbhneoir. Agus i gcás pictiúrleabhair, bíonn mionphlé ann chomh maith leis an mhaisitheoir nó tá sé den tábhacht go mbíonn an téacs agus na pictiúir ag teacht lena chéile.
  • Is ag an chéim seo fosta a thugtar an téacs in amanna do sainléitheoir seachtrach – go háirithe agus ceist ann faoin leibhéal teanga bheith fóirsteanach don aoisghrúpa a bhfuil an leabhar dírithe air.
  • Agus na ceisteanna uilig a bhaineann le céim na heagarthóireachta socraithe, déantar mionléamh eile ar an téacs sula dtéitear ar aghaidh chuig céim na profléitheoireachta.
  • Ina dhiaidh sin, is éigean na profaí deireanacha ón chlólann a fheiceáil is a cheadú roimh dhul chun cló.                                           

 (iv) Eagarthóireacht – Léamh na bProfaí

Is é an léitheoir profaí cosantóir an leabhair. Tugtar aird go háirithe ar na rudaí seo a leanas agus an staid seo idir lámha:

  •      Spásáil neamhréireach (sna focail, sna línte, sna leathanaigh)
  •      Bristeacha míchuí focal
  •     Ceartú ‘baintreacha agus dílleachtaí’
  •      mírialtachtaí clónna
  •     rialtacht a chinntiú maidir le ceanntáisc, buntáisc agus uimhreacha na leathanach
  •     comhsheasmhacht maidir le húsáid giorrúchán is acrainmneacha 

(v) Eagarthóireacht an phictiúrleabhair – An Próiseas Cruthaitheach

Is dócha go n-aithníonn muid gur eagarthóireacht ar leith a bhíonn i gceist i gcás pictiúrleabhair. Is leis an phictiúrleabhar is mó a bhíonn An tSnáthaid Mhór a phlé.

  • Tá an pósadh idir an téacs agus na pictiúir lárnach in éifeacht an phictiúrleabhair. Tá an dlúthcheangal idir an scríbhneoir, an maisitheoir agus an t-eagarthóir mar chuid shainiúil den phróiseas. Caitear cuid mhór ama ag déanamh dianscagtha ar an cheangal idir na léaráidí agus an téacs lena chinntiú go mbíonn an dá ghné sin ag teacht lena chéile agus go mbíonn na pictiúir ag comhlánú an téacs agus ní á stiúradh.
  • Sainréim teanga – tá saineolas eagarthóireachta de dhíth nuair atá teanga dírithe ar pháistí i gceist. Caithfear focail / friotail oiriúnacha a úsáid atá intuigthe ach saibhir spraíúil san am chéanna. Tá muid sásta go bhfuil an saineolas sin ag an fhoireann eagarthóireachta againn.